News / Events
Current News
Foireann Peile Cailiní Soisearach
Colaiste Choilm 7-7 Eochaill 2-9
Le blianta fada bhíomar ag iarraidh foireann peile cailiní a fháil,agus táimid buíochasach de Ms.Cotter agus Mr.Lyons i gcomhair a t-ám a thug said suas i gcomhair an foireann a chuir le chéile.
Tá an fhoireann déanta suas as roinnt clubanna éagsula agus bhí orainn imirt le chéile mar fhoireann.
Don chéad cluiche bhíomar I gcionne B.C.S. Bhí sé an-deacair chun imirt i gcionne ár cairde,ach d’imríomar go crua,agus bhuamar. San leath craobh thánamar suas i gcoinne Mainistir Fhear MhaighFoireann láidir a bhí acu agus lán de scil ach fós bhí an bua again.

B’fhiú an iarracht go léir nuair a shroicheamar an chraobh.Ar an 30/04/08, lá álainn a bhí ann. Thaistealaíomar go dtí Eochaill, chun imirt i gcionne pobalscoil Eochaill. Don chluiche chuir gach duine a chroí isteach, ach don chéad leath bhíomar cúpla cúl suas. D’éist gach duine le cad a bhí le rá ag Mr.Lyons agus Ms.Cotter ag leath ama agus d'ardaigh sé ár meanman. Cé go raibh cúpla cinneadh in ár gcoinne ,fós bhí an bua again,agus cúpla nóiméad ríomh dheireadh an chluiche bhíomar ag teacht amach ar barr.Ag deireadh an chluiche bhí an scór 7-7 go dtí 2-9.
Bhíomar lán sásta nuair a chríochnaigh an cluiche agus bhían scoil brodúil as an gcraobh a bhuachaint don chéad uair riamh.Fuair Julie-Anne,captaen na fóirne an corn agus bhí mion gáire ar ár n-aghaidheanna go léir. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil arís do Mr.Lyons agus Ms.Cotter igcomhair a gcabhair go léir.
Tuairisc le Sorcha agus Síodhmhaith.
|