Coláiste Choilm

Ballincollig, Co. Cork

  • Increase font size
  • Default font size
  • Decrease font size
Home School News School Event Toscaireacht ón nGaelcholcáiste chuig an Bhruiséil

Toscaireacht ón nGaelcholcáiste chuig an Bhruiséil

E-mail Print PDF

Chuaigh grúpa scoláirí ón nGaelcholáiste chuig Pairlimint na hEorpa le déanaí.
Fuair Seán Ó Tuathail agus Isaac Lee James cuireadh chuig an Bhruiséil agus bhí an múinteoir Joe Ó Donnchú ina dteannta. Thugadar cuntas ar imeachtaí an turais.

"Fuaireamar an deis cuairt a thabhairt ar Phairliamint na hEorpa le MEP Liadh Ní Riada. Bhuaileamar le daltaí agus múinteoirí ó Ghaelcholáistí eile fud fad na tíre agus thug sin an deis dúinn Gaeilge a labhairt an t-am ar fad. D'itheamar bricfeásta agus dinnéar le chéile i mbialanna sa Bhruiséil agus bhí an grúpa go léir ag úsáid na Gaeilge. Ócáid iontach a bhí ann! Chaitheamar lá gnóthach sa Pharliamint i lár na cathrach. D'éist an grúpa le dlíodóir teanga faoi na postanna éagsúla a bhíonn ag daoine áirithe ann.Las ár tsúile orainn agus an méid Gaeilge a bhí ag an mbean seo. Ansin, d'fhreastalaíomar ar thuras timpeall na parliaminte. Is áit ollmhór, gnóthach í! Tar éis an lón blásta a bhí againn bhialann, d'imir an grúpa cluiche. Bhí ar an mbeirt againn páirt a ghlacadh i ndíospóireacht agus thugamar óráid bunaithe ar Bhrexit. Taithí suimúil agus tairbheach a bhí inti. Táimid fíor-bhuíoch as an deis a bhfuaireamar chun dul go dtí an mBruiséil."

 

Last Updated on Thursday, 19 April 2018 11:45  

  • Photo Title 1
  • Photo Title 2
  • Photo Title 3
  • Photo Title 4
  • Photo Title 5

Newsflash



7 Studetns Awarded UCC Entrance Scholarships
from the Class of 2017